Want to make creations as awesome as this one?

Transcript

Fóineolaíocht agus fuaimniú

Tuiscint

Stór Focal

Líofacht

Suim a spreagadh

Obair aonair

  1. Léigh agus déan machnamh ar na straitéisí atá leabaithe faoi na cnaipí thíos.
  2. Conas a chabhródh na straitéisí sin le scileanna litearthachta a chur chun cinn?
Obair ghrúpa
  1. Roinnigí bhur gcuid smaointe leis an ngrúpa.

Straitéisí le scileanna litearthachta a fhorbairt tríd an léitheoireacht

Next

Suim sa léitheoireacht a spreagadh

1. Leabharmharc a chruthú2. Leag uait agus Léigh 3. Cuairt leabharlainne4. Club Leabhar

Líofacht léitheoireachta a fhorbairt

Amharclann na léitheoirí Léitheoireacht Mhúnlaithe​Léitheoireacht Bheirte​ Ag éisteacht le taifeadadh den léitheoireacht​ Córléitheoireacht​ Cogarléitheoireacht

Fóineolaíocht agus fuaimniú a chur chun cinn

Foclóir.ieTeanglann.ie Abair.ie Mar a déarfá Teagasc Foirm-dhírithe

Stór Focal a fhorbairt

Focail bheaga i bhfocail mhóra Grádán Séimeantach Comhfhocail/Rémíreanna/Iarmhíreanna Ilbhríonna Focal na seachtaine Foclach

Tuiscint a chothú

Rólchártaí Léitheoireachta Ní hionann an clúdach agus a luchtBrionglóid an Phríomhcharachtair

Teagasc Foirm-Dhírithe:

  • Cuirtear an Teagasc Foirm-Dhírithe (TFD) in iúl mar chur chuige teagaisc agus foghlama chun aird scoláirí a dhíriú ar fhoirm na teanga le linn teagasc ábharbhunaithe.
  • Dírítear ar nithe cosúil le haimsir na mbriathra, inscne na n-ainmfhocal, struchtúr nó comhréir abairte, nó séimhiú nó urú a bheith ar fhocal.
  • Moltar aird a tharraingt ar fhóineolaíochta agus ar fhoghraíocht focal áirithe agus na scoláirí i mbun léitheoireachta.

Focal na Seachtaine:

  • Roghnaigh focal na seachtaine.
  • Bíodh plé ag an rang air.
  • Déan tagairt dó agus úsáid é i rith na seachtaine.
  • Cuir an focal ar taispeáint ar an mballa.

Club Leabhar a bhunú

  • Cláraigh leis an gClub Leabhar de chuid COGG.
  • Tá leabhair agus acmhainní iontacha ar fáil a chabhródh leis an múinteoir an club a bhunú sa scoil.
  • Is iontach an rud é na scoláirí a spreagadh chun téacs a léamh ar son taitnimh.
  • Lorem ipsum dolor sit amet.
  • Consectetur adipiscing elit.
  • Sed do eiusmod tempor incididunt ut.
  • Labore et dolore magna aliqua.

Córléitheoireacht: An rang/nó grúpaí ag léamh os ard le chéile. Cabhraíonn an chórléitheoireacht le líofacht, muinín agus spreagadh na scoláirí a chothú.

Brionglóid an Phríomhcharachtair Roghnaíonn scoláire an eachtra/an radharc is ansa leis sa téacs agus déanann sé cur síos ar imeachtaí an radhairc/na heachtra. Freagraíonn sé ceisteanna féideartha ar nós:

  • Céard a tharla don charachtar ann?
  • Cén bhrionglóid a shamhlaíonn sé don charachtar an oíche sin?
  • An mbeidh sí ina brionglóid dhéas nó ina brionglóid ghránna?
  • Déanann an scoláire íomhá a tharraingt de bhrionglóid an charachtair agus déanann sé cur síos uirthi i scríbhinn agus/nó ó bhéal.

Comhfhocail:

  • Bris comhfhocail ina gcodanna.
  • Samplaí: Béaloideas = Béal + oideas
Rémíreanna agus Iarmhíreanna
  • Tarraing aird ar na réimíreanna agus iarmhíreanna atá ann sa Ghaeilge.
  • Mar shampla: Chomtharlú = comh + tarlú, comhbhrón = comh + brón
  • Féinriar = Féin + riar, Féinaithne = féin + aithne

Grádán Séimeantach:

  • Roghnaigh focal amháin ón téacs.
  • Roghnaigh trí nó ceithre chomhchiall den fhocal.
  • Cuir na focail in ord ón gceann is simplí chuig an gceann is casta.
Samplaí : Grianmhar/te/meirbh Gadaí/robálaí/feallaire/bithiúnach

Cruthaíonn na scoláirí a leabharmharc pearsanta féin. Iarr ar na scoláirí mana léitheoireachta a scríobh air, mar shampla: Léimis linn! nó Scéal = Spraoi

Leabharmharc a chruthú

Cuairt Leabharlainne:

  • Tabhair do rang ar cuairt chuig an leabharlann scoile nó chuig an leabharlann áitiúil agus tabhair am dóibh na leabhair Ghaeilge a aimsiú.
  • Cad iad na leabhair Ghaeilge atá ar fáil? Cá bhfuil siad ar fáil?

Rólchártaí Léitheoireachta

  • Tugann an straitéis seo deis do scoláirí freagairt do scéal ar bhealaí difriúla
  • Déanann an múinteoir an chéad rólchárta a roghnú agus tugann gach grúpa/scoláire faoin ngníomhaíocht.
  • Déanann scoláire an chéad rólchárta eile a roghnú dá ghrúpa agus tugann siad faoin ngníomhaíocht.

Ní hionann an cónra agus a lucht! Caint faoi chlúdach Roghnaíonn scoláire leabhar éigin agus déanann sé imscrúdú ar an gclúdach. Cuireann sé ceisteanna air féin i dtaobh an chlúdaigh ar nós teideal an scéil, suíomh an scéil, ainmneacha na gcarachtar luaite, eolas féideartha as eascairt as íomhá an chlúdaigh is araile. Súil siar ar an gClúdach Is féidir plé a dhéanamh leis an scoláire faoi chlúdach an leabhair – an raibh sé ceart/mícheart mar gheall ar an gcéad tomhas a bhí aige? Cludach nua a dhearadh Tar éis do scoláirí an téacs a léamh agus plé a dhéanamh ar an gcarachtar/ar an eachtra ab fhearr leo sa téacs. Is féidir deis a chur ar fáil do scolairí a dtuiscint a léiriú trí chlúdach nua a dhearadh.

Léitheoireacht Mhúnlaithe:

  • Na scoláirí ag leanacht an scéil, fad is atá tusa á léamh amach os ard.
  • Léigh é cúpla uair.
  • Na scoláirí ag athrá focail dhúshlánacha faoi do threoir.

Córléitheoireacht:

  • An rang/nó grúpaí ag léamh os ard le chéile.
  • Cabhraíonn an chórléitheoireacht le líofacht, muinín agus spreagadh na scoláirí a chothú.

Leag Uait agus Léigh:Is fiú am faoi leith a chur ar leataobh gach seachtain do 'Leag Uait agus Léigh' nuair is féidir leis na scoláirí téacs a phiocadh suas agus a léamh ar feadh cúpla nóiméad.

Ilbhríonna:

  • Tarraing aird na scoláirí ar fhocail a bhfuil ilbhríonna leo.
  • Samplaí: líon = briathar/ainmfhocal
glas = dhá mhíniú difriúil air

Focail bheaga i bhfocal móra:

  • Aimsigh focail bheaga atá i bhfolach laistigh de fhocail eile.
  • Samplaí:
táim = tá/im teach = te/ach

Léitheoireacht Bheirte • Gach beirt ag léamh an scéil céanna • Scoláire amháin ag léamh; an scoláire eile ag éisteacht • Malartú

Amharchlann na léitheoirí:

  • Tugtar ról difriúil do gach grúpa.
  • Glacann grúpa amháin ról an phríomhcharachtair. Glacan glacann grúpa eile ról an reacaire agus araile.
  • Cuir an script nó leathanaigh den scéal ar taispeáint ar an gclár bán nó tabhair cóip de do gach scoláire. Úsáid dath difriúil chun an ról atá ag gach grúpa a aibhsiú.
  • Díríonn an múinteoir aird na scoláirí ar fhocail dhúshlánacha/fhuaim chasta.
  • Déanann na scoláirí cleachtadh ar an bpíosa atá idir lámha acu.
  • Ansin, déanann na scoláirí an léiriú. Glacann gach grúpa páirt sa léiriú agus léann siad amach a gcuid línte.

Cogarléitheoireacht:

  • I ngrupaí beaga léann na scoláirí i gcogar seachas os ard.
  • Cabhraíonn sé seo le líofacht agus muinín na scoláirí a chothú.

Leabharmharc a Chruthú:

  • Cruthaíonn gach scoláire a leabharmharc féin.
  • Iarr ar na scoláirí mana léitheoireachta a scríobh air.
  • Samplaí: Léimis linn! nó Scéal = Spraoi.

Ag éisteacht le taifeadadh den léitheoireacht:

  • Éisteacht le hábhar taifeadta a léiríonn líofacht sa léitheoireacht.
  • Leanann na scoláirí ord na bhfocal agus iad ag éisteacht. Ansin, déantar aithris agus cleachtadh air.
  • M.S. Dánta T1 ar TG4 Foghlaim Eoghainín na nÉan ar Léighleat.com