Want to create interactive content? It’s easy in Genially!
5 - Scoláirí mar Acmhainní dá Chéile
Oide
Created on February 1, 2022
Start designing with a free template
Discover more than 1500 professional designs like these:
View
Halloween Infographic
View
Halloween List 3D
View
Magic and Sorcery List
View
Journey Map
View
Versus Character
View
Akihabara Connectors Infographic Mobile
View
Mobile mockup infographic
Transcript
Scoláirí mar Acmhainní dá Chéile
Scoláirí a ghníomhachtú le haghaidh piarmheasúnaithe
Ligeann piarmheasúnú sa seomra NTI do scoláirí a fheiceáil go hoibiachtúil cén chuma a bhíonn ar an bhfoghlaim agus léargas luachmhar á fháil acu ar a gcuid foghlama féin. Nuair a oibríonn scoláirí i gcomhar le chéile, bíonn deiseanna méadaithe acu maidir le húsáid sprioctheanga.
Cad é?
Mar sin, cén chuma atá air seo sa seomra NTI?
Seo thíos roinnt straitéisí a d'fhéadfadh do chuid smaointeoireachta a spreagadh.
Siúlóid an Phúca
- Taispeánann na scoláirí a gcuid oibre timpeall an tseomra.
- Breathnaíonn gach scoláire ar an obair.
- Ansin cuireann scoláirí aiseolas ar fáil bunaithe ar chritéir ratha.
Róil le haghaidh Comhoibrithe
- Sannann an múinteoir róil do scoláirí le linn gníomhaíochtaí comhoibríocha.
- D'fhéadfadh róil mholta a bheith ann: tuairisceoir, cláraitheoir, tasc-mháistir agus maor ama.
- Cinntíonn sé sin aiseolas níos éifeachtaí agus idirghníomhaíochtaí fiúntacha.
Mata Boird
- Úsáideann gach beirt nó grúpa mata boird.
- Cuirtear an príomhsmaoineamh sa lár.
- Cuireann gach scoláire a gcuid smaointe ina rannóg den mhata.
- Tá sé seo úsáideach chun ransú smaointe a dhéanamh ar théamaí agus smaointe a chomhroinnt.
An bhfuil cineálacha cuir chuige eile ann a úsáideann tú?
Cad é anois?
- Conas is féidir liom leas a bhaint as critéir ratha chun soiléireacht a chinntiú nuair a oibríonn scoláirí ina n-aonar nó i gcomhar?
- Cé chomh minic is a thabharfaidh mé deiseanna do scoláirí obair a chruthú agus a chomhroinnt le haghaidh piarmheasúnaithe?
- Cad iad na tacaí atá i bhfeidhm chun cabhrú le grúpobair éifeachtach?
- Conas is féidir liom treoir, cabhair a thabhairt i leith fhoghlaim na scoláirí agus monatóireacht a dhéanamh uirthi agus iad ag comhoibriú?
- An bhfuil cuir chuige ann maidir le piarmheasúnú a roinnfinn le mo roinn NTI?
