Want to create interactive content? It’s easy in Genially!
Get started free
4 - Scoláirí mar Úinéirí ar an bhFoghlaim
Oide
Created on February 1, 2022
Start designing with a free template
Discover more than 1500 professional designs like these:
Transcript
Seo thíos roinnt straitéisí a d'fhéadfadh do chuid smaointeoireachta a spreagadh.
An bhfuil cineálacha cuir chuige eile ann a úsáideann tú?
Mar sin, cén chuma atá air seo sa seomra NTI?
Bord Rogha
- Cuirtear bord de rudaí i láthair na scoláirí as a roghnóidh siad.
- D'fhéadfadh sraith téacsanna nó gníomhaíochtaí (fuaime, scríofa agus amhairc) a bheith ar an mbord timpeall ar théama coiteann.
- Roghnaíonn scoláirí téacsanna bunaithe ar a rogha féin, agus trína dhéanamh sin, bíonn siad in ann cur lena gcuid scileanna agus lena gcuid buanna.
Spás Digiteach don Obair
- Déanann scoláirí míreanna a uaslódáil go rialta chuig spás ar líne (m.sh. MS OneNote, Google Classroom) chun cabhrú lena bhfoghlaim féin.
- Is féidir míreanna a roinnt le daoine eile chun críocha aiseolais agus athbhreithnithe.
- Is féidir le scoláirí na míreanna oibre is fearr a roghnú le haghaidh measúnaithe.
Cuireann guth agus rogha mhéadaithe sa seomra NTI le rannpháirtíocht agus spreagadh na scoláirí. Cothaíonn aiseolas féinrialaithe toilteanas agus cumas chun féinmheasúnú a dhéanamh agus muinín agus neamhspleáchas a fhorbairt.
Soilse Tráchta
- Ag baint úsáid as córas simplí soilse, léiríonn na scoláirí an dtuigeann siad: go maith (glas) go páirteach (ómra) nó beagán (dearg).
- Trí phlé breise, míníonn scoláirí cad é a thuigtear (agus nach dtuigtear) agus cén fáth.
- Cuireann sé sin, ina dhiaidh sin, bonn eolais faoina gcéad ghníomhartha eile don fhoghlaim.
- Agus pleanáil á déanamh don fhoghlaim, conas a mheasaim ábhair spéise na scoláirí chun cabhrú lena n-úinéireacht ar a gcuid foghlama?
- Conas is féidir liom scoláirí a spreagadh chun machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama?
- Cad iad na straitéisí a úsáidim chun scoláirí a spreagadh le machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama?
- Cad iad na struchtúir atá i bhfeidhm laistigh de mo roinn NTI le ligean do scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama?
Cad é anois?
Cad é?
Scoláirí a spreagadh chun a gcuid foghlama a fhéinrialú
Scoláirí mar Úinéirí ar an bhFoghlaim