Aiseolas chun an Fhoghlaim a Chur Chun Cinn
Aiseolas soiléir, inghníomhaithe chun bonn eolais a chur faoi na chéad chéimeanna eile
Tá aiseolas i NTI éifeachtach nuair a dhíríonn sé ar an bhfoghlaim seachas ar an scoláire agus a thugann sé treoir shoiléir dóibh maidir le cad é atá le feabhsú agus conas feabhsú. In amanna bíonn deiseanna luachmhara ann trí aiseolas le haghaidh an sprioctheanga a úsáid.
Cad é?
Mar sin, cén chuma atá air seo sa seomra NTI?
Seo thíos roinnt straitéisí a d'fhéadfadh do chuid smaointeoireachta a spreagadh.
Scríobhann na Scoláirí Spriocanna
- Agus aiseolas ó bhéal á chur ar fáil do scoláirí, iarrann an múinteoir orthu spriocanna a scríobh mar thacaíocht dóibh a bheith ag obair go neamhspleách.
- De ghrá an chuimsithe, d'fhéadfaí aiseolas guth-thaifeadta a úsáid.
Trácht amháin
- Tugann an múinteoir aiseolas ar obair scoláirí nach bhfuil aon ghráid ná ríomhanna ann.
- Tugtar aiseolas i bhfoirm tuairimí scríofa le sraith ceisteanna.
- D'fhéadfadh aiseolas a iarraidh ar an scoláire an earráid / na hearráidí iarbhíre a aimsiú.
Aiseolas Piaraí
- Roinneann na scoláirí míreanna oibre lena chéile.
- Tugtar dóthain ama chun obair a chéile a mheas.
- Ansin cuireann siad aiseolas ó bhéal nó i scríbhinn ar fáil bunaithe ar na critéir ratha chomhaontaithe.
An bhfuil cineálacha cur chuige eile ann a úsáideann tú?
Cad é anois?
- Conas a d'fhéadfainn aiseolas a struchtúrú ionas gur dóichí go gcuirfidh sé faoi deara do scoláirí smaoineamh?
- An ndéanfaidh mé athbhreithniú ar chritéir ratha mar bhonn aiseolais?
- An gcinntím go mbíonn aiseolas piaraí bunaithe ar chritéir ratha chomhaontaithe?
- Cad iad na cineálacha éagsúla cuir chuige a d'fhéadfainn a leanúint chun obair scoláirí a mharcáil?
- Conas a roinneann mo roinn NTI cleachtais chun aiseolas foirmitheach éifeachtach a sholáthar?
3 - Aiseolas chun an Fhoghlaim a Chur Chun Cinn
Oide
Created on February 1, 2022
Start designing with a free template
Discover more than 1500 professional designs like these:
View
Halloween Infographic
View
Halloween List 3D
View
Magic and Sorcery List
View
Journey Map
View
Versus Character
View
Akihabara Connectors Infographic Mobile
View
Mobile mockup infographic
Explore all templates
Transcript