Want to create interactive content? It’s easy in Genially!
Get started free
2 - Fianaise ar Fhoghlaim a Léiriú
Oide
Created on February 1, 2022
Start designing with a free template
Discover more than 1500 professional designs like these:
Transcript
An bhfuil cineálacha cuir chuige eile ann a úsáideann tú?
Seo roinnt samplaí a d'fhéadfadh do smaointeoireacht a spreagadh:
Sa seomra NTI, tugann ceisteanna, comhrá, gníomhaíochtaí agus tascanna deis dúinn bearnaí, nó míthuiscintí, a aithint san fhoghlaim a chuireann bonn eolais faoinár gcéad chéimeanna eile chun teagasc agus foghlaim a phleanáil.
Mar sin, cén chuma atá air seo sa seomra NTI?
Rólimirtí a úsáid
- Sanntar róil do scoláirí le haghaidh idirghníomhaíocht labhartha (m.sh. idirghníomhaíocht faoina bpleananna saoire).
- Spreagtar iad chun ceisteanna a chur agus a fhreagairt.
- D'fhéadfadh bearnaí ina gcuid foghlama teacht chun cinn a chuireann bonn eolais faoi na chéad chéimeanna eile don mhúinteoir.
Ceisteanna a Bhailiú
- Iarrtar ar scoláirí ceisteanna a scríobh atá acu ag baint úsáid as Poistíní, mionchláir bhána nó uirlisí digiteacha (m.sh. jamboard, clár bán MS).
- Déantar plé agus déantar ceisteanna a théamú dá réir.
- Tugtar cuireadh do scoláirí ceisteanna a fhreagairt nuair is féidir.
- Cuireann na ceisteanna seo bonn eolais faoi na chéad chéimeanna eile atá ag an múinteoir.
Am Feithimh
- Nuair a chuirtear ceist, iarrann an múinteoir ar na scoláirí smaoineamh sula bhfreagraíonn siad.
- Cuirtear dóthain ama smaointeoireachta ar fáil do na scoláirí ansin.
- Cothaíonn sé sin cuimsiú agus méadaíonn sé muinín na scoláirí.
- An dtugaim dóthain ama do na scoláirí smaoineamh agus freagairt?
- Conas is féidir liom cabhrú le scoláirí a gcuid smaointe a fhorbairt sula bhfreagraíonn siad?
- Conas is féidir liom cultúr comhoibrithe a fhorbairt chun cabhrú leis an bhfoghlaim agus chun tuiscint a fhorbairt?
- Cé chomh mór is a bhainim leas as freagraí na scoláirí chun foghlaim a fhorbairt?
- Conas a d'fhéadfainn cumas na scoláirí a fhorbairt le ceisteanna sa sprioctheanga a úsáid chun cabhrú lena bhfoghlaim?
Cad é anois?
Cad é?
Ceisteanna, plé éifeachtach, tascanna agus gníomhaíochtaí
Fianaise ar Fhoghlaim a Léiriú