Want to create interactive content? It’s easy in Genially!
Tascanna i NTI na Sraithe Sóisearaí
Oide
Created on February 1, 2022
Start designing with a free template
Discover more than 1500 professional designs like these:
Transcript
Tosaigh
Inniúlacht Chumarsáideach na Scoláirí a Fhorbairt i NTI
Tascanna i NTI na Sraithe Sóisearaí
Príomhghnéithe de thasc NTI sa tSraith Shóisearach
Conas a chabhraíonn tascanna le múinteoirí NTI?
Na Chéad Chéimeanna Eile
Roinnt samplaí de thascanna i NTI
Conas a chabhraíonn siad le scoláirí NTI?
Cad is tasc ann sa seomra NTI?
Acmhainn chun cabhrú le tascanna a dhearadh a thacóidh le forbairt teanga
Tascanna chun cabhrú le foghlaim na scoláirí i NTI na sraithe sóisearaí
Is é is tasc ann gníomhaíocht foghlama sprioc-thiomáinte a mbíonn tógáil tuisceana agus bhrí ina cuid lárnach de. Roimh ré, déantar na foghlaimeoirí a scafláil go pointe inar féidir leo a gcuid foghlama a úsáid chun a mbrí agus a dteachtaireacht féin a thógáil agus a chur in iúl. Laistigh de thasc, tá nasc ann le cásanna barántúla, ón bhfíorshaol agus is í an tosaíocht atá ann an tasc a chur i gcrích. Ó thaobh an mheasúnaithe de, meastar é seo i gcoinne an toraidh ar aon dul le critéir ratha chomhthógtha. (Curtha in oiriúint ó Skehan 1998)
'Gníomhaíocht atá spriocdhírithe ina n-úsáideann foghlaimeoirí teanga chun fíorthoradh a bhaint amach. Is é sin le rá, úsáideann foghlaimeoirí cibé acmhainní sa sprioctheanga atá acu chun fadhb a réiteach, puzal a dhéanamh, cluiche a imirt, nó eispéiris a roinnt agus a chur i gcomparáid.' (J. Willis 1996)
Cad is tasc ann?
Forbairt Scileanna
Sprioctheanga
Cuspóir
Ionchuimsitheach
Sprioc
Roinnt gnéithe de thasc cumarsáideach
Forbraíonn an scoláire na scileanna teanga ábhartha in éineacht le príomhscileanna
Baineann scoláirí úsáid as a gcuid eolais sa sprioctheanga agus as straitéisí cumarsáide
Bíonn scoláirí ag réiteach faidhbe, ag comhlánú bearna faisnéise nó ag malartú faisnéise agus smaointe
Ba chóir go mbeadh gach scoláire in ann an tasc a dhéanamh go dtí a leibhéal faoi threoir critéir ratha
Bíonn sprioc shoiléir ann leis an obair a threorú agus scoláirí a mhealladh le tacaíocht ó chritéir ratha
Roinnt gnéithe a dhéanann idirdhealú idir tasc agus gníomhaíocht i NTI
Teistiméireachtaí Múinteoirí
Conas a chabhraíonn tascanna le múinteoirí NTI?
Tacaíonn tascanna lenár gcuid oibre le scoláirí ar roinnt bealaí: 1. foghlaim bheartaithe inár n-aonad foghlama a ailíniú le comhthéacs fíorshaoil, barántúil agus, go hidéalach, atá saibhir ó thaobh cultúir de 2. foghlaim a forbraíodh a úsaid i gcás nua chun tuiscint a dhoimhniú 3. teanga a úsáid chun críche cumarsáideach 4. foghlaim a chur i bhfeidhm ar bhealach praiticiúil faoi threoir chritéir ratha a úsáidtear níos déanaí chun féinmheasúnú agus piarmheasúnú a scafláil chomh maith le struchtúr a chur le haiseolas ó mhúinteoirí 5. tuilleadh rannpháirtíochta a chothú i measc scoláirí trí nascadh leis na hábhair spéise atá acu.
"Mar mhúinteoir sa seomra ranga, feictear dom go n-ardaítear an fuinneamh sa seomra ranga nuair a úsáidtear tascanna. Cuireann sé deireadh freisin le caint leanúnach múinteoirí agus feabhsaíonn sé rannpháirtíocht ghníomhach na scoláirí san ábhar. Tugann sé deis dúinne freisin breathnú ar ár gcuid scoláirí i mbun gnímh agus a fheiceáil cá bhfuil siad ó thaobh leibhéil de, tugann sé deis dóibhsean oibriú le chéile. Bíonn siad níos gafa agus níos gníomhaí agus níos páirtí leis an obair."
Teistiméireachtaí Múinteoirí
"Bhain mé tairbhe mhór as a bheith ag obair le tascanna sa seomra ranga mar mhúinteoir. Tugann siad fíordheis do na scoláirí a gcuid réamhfhoghlama a chur i bhfeidhm i suíomh nó i gcomhthéacs nua. Nuair a bhíonn siad ag obair i mbeirteanna nó i ngrúpaí, baineann siad foladh agus ciall shoiléir as an obair. Feidhmíonn siad mar thacaí dá chéile, ag leathnú a gcuid scileanna agus ag obair i gcomhar le chéile, ag cur a gcuid réamheolais le chéile chun tasc socraithe a chur i gcrích. Is deis é i ndáiríre do na scoláirí cúis bharántúil a bheith acu don chumarsáid sa seomra ranga. Is féidir a fheiceáil go soiléir go bhfuil na scoláirí níos gafa leis an sprioctheanga agus faigheann siad tuiscint ar an gcaoi a n-oibríonn sí agus a n-oireann sí laistigh dá bhforbairt teanga. Is acmhainní thar a bheith maith iad na scoláirí dá chéile: tugtar an spás dóibh féinmheasúnú a dhéanamh ar a chéile, agus scafláil a dhéanamh dá chéile, le ham chun smaoineamh agus chun cabhrú lena chéile san fhoghlaim sin. Nuair a bhíonn an tasc á chur i gcrích ag na scoláirí, is seomra ranga an-ghníomhach é. Tugann sé an spás dom mar mhúinteoir dul a fhad le gach ceann de na grúpaí agus aiseolas foirmitheach a thabhairt do dhaoine aonair nó do ghrúpaí agus ansin don rang ina iomláine, tugann tasc an t-am do na scoláirí machnamh a dhéanamh ar a gcuid foghlama agus aon chuid den obair thionscadalbhunaithe a leasú agus aon mholtaí nó tuairimí uaimse, agus óna chéile freisin, a chur san áireamh."
Teistiméireachtaí Múinteoirí
Trí thascanna a úsáid i seomra NTI na sraithe sóisearaí, is féidir cabhrú le foghlaim na scoláirí ar bhealaí éagsúla: 1. trí thascanna a ailíniú leis na hintinní foghlama d'aonad foghlama, tugtar soiléireacht do scoláirí maidir leis an gcaoi a bhfuil ag éirí leo foghlaim 2. trí chritéir ratha a chomhchruthú do thasc soiléirítear do scoláirí cén chuma atá ar cháilíocht agus cad é a bhfuiltear ag súil leis uathu 3. déantar scafláil ar fhorbairt chognaíoch do scoláirí chun a gcuid foghlama a chur i bhfeidhm i gcásanna nua agus ar bhealach cumarsáideach 4. trí aiseolas foirmitheach dírithe a sholáthar ar aon dul le critéir ratha chomhchruthaithe tugtar treoir d’fhoghlaim agus do dhul chun cinn scoláirí.
Teistiméireachtaí Múinteoirí
Conas a chabhraíonn tascanna le scoláirí NTI?
"Ceann de na buntáistí a bhaineann le tascanna i seomra NTI go mbíonn scoláirí níos gníomhaí. Má úsáidim a lán tascanna éagsúla is minic a fhaigheann siad cur chuige ar leith a oireann dóibh. Fiú amháin na scoláirí a bhíonn ag streachailt agus iad siúd atá níos ábalta, tugann siad cuidiú dá chéile agus is féidir scóip a thabhairt dóibh leis an méid atá á dhéanamh acu a fhorbairt ag brath ar an tasc. Más tasc deas saibhir é, is féidir leo é sin a dhéanamh agus níos mó. Is féidir leo aiseolas a fháil uaimse agus is féidir linn feabhas a chur ar úsáid na sprioctheanga, don táirgeadh labhartha agus don idirghníomhaíocht labhartha araon. Ciallaíonn sé dáiríre go mbíonn ceacht níos spraíúla, níos fuinniúla agus níos gníomhaí freisin, dá bharr."
Introduction
"Ó thaobh scoláirí de, tugann na tascanna seo deis iontach dóibh smaoineamh ar an méid atá foghlamtha acu agus é a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs nua. Tugann siad an spás agus an t-am dóibh a bheith ag obair lena bpiaraí i dtimpeallacht shábháilte chun aon mhíthuiscintí a bheadh acu faoin teanga a cheistiú. Bíonn scoláirí spreagtha agus rannpháirteach toisc go mbíonn siad ag obair ar réimsí spéise. Tá aiseolas á fháil acu óna chéile freisin agus aiseolas an-spriocdhírithe ón múinteoir sa seomra ranga. Ansin is féidir leis na scoláirí an t-aiseolas sin a ghlacadh, a gcuid oibre a cheartú, a fheabhsú agus a fhorbairt."
Introduction
Conas a úsáidfidh mé critéir ratha chun cabhrú le scoláirí an tasc a thuiscint agus a chur i gcrích?
Cliceáil ar an deilbhín ar dheis chun rochtain a fháil ar an Aonad Foghlama: Cad é atá ar siúl?
Tasc Samplach 4Tar éis dul i ngleic le roinnt sleachta nuachta, pléigí bhur dtuairimí i mbeirteanna nó i ngrúpa. Maidir leis an tasc seo, b’fhiú machnamh ar: an grúpa ranga atá i gceist aois agus céim na bhfoghlaimeoirí na critéir ratha ábhartha.
AF: Cad é atá ar siúl?
Tasc Samplach 3Fiosraíonn scoláirí rogha ceannlínte agus pléann siad cé na cinn a bhfuil suim acu iontu, ar mhaith leo iad a iniúchadh tuilleadh agus cén fáth. Maidir leis an tasc seo, b’fhiú machnamh ar: an grúpa ranga atá i gceist aois agus céim na bhfoghlaimeoirí na critéir ratha ábhartha.
AF: Cad é atá ar siúl?
Tasc Samplach 2Cruthaigh mír is féidir a chur in bhur nuachtlitir ranga lena roinnt le pobal na scoile. Maidir leis an tasc seo, b’fhiú machnamh ar: an grúpa ranga atá i gceist aois agus céim na bhfoghlaimeoirí na critéir ratha ábhartha.
AF: Cad é atá ar siúl?
Tasc Samplach 1 Cruthaigh tuairisc nuachta - áitiúil, dhomhanda nó shamhlaíoch - do do chomhghleacaithe. Maidir leis an tasc seo, b’fhiú machnamh ar: an grúpa ranga atá i gceist aois agus céim na bhfoghlaimeoirí na critéir ratha ábhartha.
AF: Cad é atá ar siúl?
Roinnt samplaí de thascanna i NTI
Le breithniú:
Na chéad chéimeanna eile: ar bhonn aonair agus mar roinn NTI
C. Cá mhéad a bhím ag pleanáil le haghaidh tascanna agus á n-úsáid i mo chuid teagaisc? C. Conas a d'fhéadfadh tascanna cabhrú le foghlaim na scoláirí i mo sheomra ranga agus foghlaim na scoláirí a fheabhsú? C. Conas a d'fhéadfainn tascanna, agus na critéir ratha a bhaineann leo, a struchtúrú chun cabhrú le gach scoláire an fhoghlaim a bhaint amach? C. Conas a thugaim aiseolas do scoláirí ar thasc? - aiseolas ó phiara go piara - féinmheasúnú - aiseolas mar chuid den phróiseas - aiseolas don rang iomlán a úsáidtear mar ócáid teagaisc - aiseolas cláraithe i bPunann Teanga na Scoláirí