Want to create interactive content? It’s easy in Genially!
Idirghníonhú Cainte & Straitéisí Drámaíochta
Oide
Created on November 16, 2023
Start designing with a free template
Discover more than 1500 professional designs like these:
View
Essential Learning Unit
View
Akihabara Learning Unit
View
Genial learning unit
View
History Learning Unit
View
Primary Unit Plan
View
Vibrant Learning Unit
View
Art learning unit
Transcript
Idirghníomhú cainte
a chur chun cinn sa rang
Idirghníomhú cainte
Obair ghrúpa (10n) Féachaigí ar Na Gnéithe Cáilíochta do Mheasúnú Rangbhunaithe 2: Ag Idirghníomhú trí Ghaeilge (leathanaigh 31-32). Samhlaígí ócáidí eile measúnaithe ina bhfuil idirghníomhú cainte mar sprioc. Déanaigí plé ar na trí ghné a luaitear ar leathanach 31 agus na féidearthachtaí a bhaineann leo agus critéir ratha á gcumadh. Breacaigí nótaí don mhórghrúpa.
Straitéisí Drámaíochta
chun idirghníomhú cainte a chothú sa rang
Straitéisí Drámaíochta
Obair ghrúpa (10n) Déanaigí machnamh agus plé ar na straitéisí drámaíochta atá leabaithe ar an gcéad sleamhnán eile. Déanaigí plé ar na féidearthachtaí a bhaineann leo agus roinnigí aon straitéisí eile a úsáideann sibh chun scil na hidirghníomhaithe cainte a chur chun cinn.
Straitéisí Drámaíochta
Idirghníomhú Cainte
Taitneamh
Rannpháirtíocht
sTRAITÉISÍ DRÁMAÍOCHTA don IDIRGHNÍOMHÚ CAINTE
RIANÚ SMAOINTE
spotsolas
Rólimirt
FRÁMA REOITE
carachtar ag lorg comhairle
Tuairisceoirí agus finnéithe
radharc samhlaithe
díospóireacht/ FÓRAM AR RADHARC
Spotsolas
Glacann scoláire ról mar charachtar éigin agus seasann sé isteach "sa spotsolas" os comhair an ranga. Cuireann scoláirí eile ceisteanna air. Is féidir na ceisteanna a mhúnlú bunaithe ar chúlra, ar shuimeanna, ar iompar, ar inspreagadh agus ar phleananna an charachtair.
RólImirt
Is í an rólimirt bunús gach gníomhaíocht drámatúil. An cumas atá ann chun creideamh a chur ar fionraí chun glacadh le ról duine éigin eile. Is féidir le scoláirí scil an idirghníomhaithe cainte sin a fhorbairt agus comhbhá a bheith acu le dearcthaí éagsúla
fráma reoite
Bealach áisiúil maidir le fráma reoite a mhíniú ná nuair a bhrúitear an cnaipe stop ar chianrialtán, fad is a bhíonn scoláirí ag déanamh taibhithe ar radharc éigin. Cruthaítear íomhá, a bhfuil an fhéidearthacht ann anailís a dhéanamh uirthi.
rianú smaointe
Is straitéis é an rianú smaointe gur féidir leas a bhaint as agus scoláirí ag rólimirt nó ag léiriú radhairc ó phíosa as téacs. Mínítear do na scoláirí go bhfuil sé mar chuspóir go labhróidís faoi ghníomhaíochtaí/smaointe/mothúcháin a rogha carachtair sa sliocht sa chéad phearsa uatha. Ansin, iarrtar ar na scoláirí stopadh ag pointe áirithe sa téacs agus bíonn orthu ceisteanna a fhreagairt faoin gcarachtar. Is féidir le scoláirí eile ceisteanna sainaitheanta a chur ar an gcarachtar le mionsonraí a fháil,
RADHARC Samhlaithe
Cumann scoláirí radharc samhlaithe atá bunaithe ar an am atá imithe nó ar an am atá le teacht. Tugann sé seo deis dóibh iniúchadh a dhéanamh ar chúlra an charachtair, na nithe a spreag iad, agus an toradh a bhí ar a n-iompar. Is féidir machnamh a dhéanamh chomh maith ar an mbealach a shamhlóidís go n-iompródh na carachtair iad féin i suíomh ar leith.
Díospóireacht/Fóram ar radharc
Cumann an múinteoir rún díospóireachta bunaithe ar théama nó ar eachtraí i radharc áirithe sa téacs. Chomh fada agus is féidir bíodh nasc láidir idir an díospóireacht agus saol an scoláire. Réitíonn grúpaí argóintí ar son agus i gcoinne an rúin. Tabharfaidh an fóram deis do scoláirí a dtuairimíocht a léiriú, tuairimíocht atá pléite acu i ngrúpaí roimhe ré, agus iad anois ábalta pointí a chéile a bhréagnú nó a láimhseáil.
carachtar ag lorg comhairle
Bunaithe ar phríomheachtraí agus ar théamaí i dtéacsanna, glacann scoláirí róil mar charachtair agus comhairle á lorg acu óna gcomhscoláirí i leith a gcás. Glacfaidh gach scoláire le ról an charachtair nó le ról an chomhairleora, an duine a bheidh ag tabhairt na comhairle dó.
Tuairisceoirí agus finnéithe
Bunaithe ar phríomheachtraí agus ar théamaí i dtéacsanna, glacann scoláirí róil mar thuairisceoirí agus cuireann siad agallamh ar charachtair agus ar fhinnéithe faoin eachtra.
